Go deep sea fishing in Ireland

Is bád – ‘Slat Iascaireacht Mara’ an Loinnir.

Tá an Loinnir ag iascaireacht amach as cé Áilt a’ Chorrain agus cé an

Bhun Bhig.

Bíonn an Loinnir ag iascaireacht:

Raiceáil

Sceir

Siorc

Tiúna Eite Gorm

Tá Áilt a’Chorráin agus An Bun Beag suite i nGaeltacht Thír Chonaill.

Is ceantar mór turasóireacht é seo le go leor le déanamh ag óg agus aosta.

Tá Ionad Cois Locha , Dhún Lúiche , Páirc Náisiúnta Ghleann Bheithe, cúrsaí galf, iascaireacht ar na locha agus na h-aibhneacha.

Tá bialainn agus tithe tábhairne go leor agus lóistín de ard chaighdeán.

Sna tithe tábhairne tá neart craic agus seisiún ceol agus damhsa.

Tá an Loinnir ar fáil le dul ar Turais Iascaireacht Tráthnóna, seo turas goirid iascaireacht ar feadh tuairim is trí h-uaire, le cúpla Samhradh thug muid faoi deara go bhfuil an turais seo iontach foirstineach do theaghlaigh.

Tá turais ar na h-oiléain ar fáil fosta, mar go bhfuil go leor oiléain thart ar chósta Dhún na nGall, oiléain nach bhfuil ach cúpla mile as port

Ailt a’Chorráin agus port an Bhun Bhig.

Tá oileáin Uaigh, Árainn Mhór, Góla, Toraigh agus go leor eile.

Tá turais cúrsáil don té ar mhaith leis turas deas farraige thart ar an chósta le mar shampla pictiuirí a ghlacadh nó sult a bhaint as na radharcanna gálanta atá amach ón chósta.

Ar bord an Loinnir tá cúpan tae nó caife le fáil, tá áit dheas té le suí le do scíth a ghlacadh.

Má tá slat nó ríl i dhith ort tá seo ar fáil ar cíos agus tá tácla le díol ar bord, mar sin ní chaitheamh tú a bheith ag iompar slat iascaireacht leat nuair a thagann tú ar saoire.

Tá ceadúnas paisineirí agus arachais do dhá dhuine dhéag ar an Loinnir.

Tá trealamh sábháilteacht agus seaicéid sábháilteacht ar bord an Loinnir.

Tá leithreas ar bord fosta.

Tá Niall mar chaptaen ar an bhád agus tá neart taithí ag Neil ar chúrsaí farraige agus báid.


Amhrán an Bháid

Tráthnóna breá álainn sa tSamhradh
Bhí an smólach ar chraobh ag gabháil ceoil
Is bhí loinnir na gréine san uisce
Nuair a d’fhág muid an cladach faoi sheol.
Ó, d’imigh an bád fríd na tonnta
Chomh lúfar le cú sa ghleann mhór
Is ba ghile na seolta ná an eala
A shnámhas ar bharra Ghaoth Dobhair
.

 

 

 

 

 

 

 

 

West Donegal Sea Angling
Tel/Fax: 074 9548403
(International: + 353 74 9548403)
email:info@donegalseaangling.com

HOME | REEF | SHARK | WRECK | LOCATION |
PRICE LIST | GAELIGE/IRISH | PHOTOGALLERY